Staidéar Scáileáin Éireann
Is éard is Staidéar Scáileáin Éireann ann ná fóram le haghaidh taighdeoirí a bhíonn ag plé le scannáin, leis an teilifís agus le meáin eile. Táimid dírithe ar thaighdeoirí atá ag obair in Éirinn agus orthu siúd atá ag plé le téamaí Éireannacha. Ar an suíomh seo gheofar eolas faoi dheiseanna taighde agus oibre, innéacs de ghearrbheathaisnéisí taighdeoirí indibhidiúla agus nascanna le nithe a mbeadh spéis ag ár léitheoirí iontu. Is as tionscnamh de chuid taighdeoirí scannán i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil Uladh a d’eascair Staidéar Scáileáin Éireann, ach tá daoine ó institiúidí agus ó eagraíochtaí eile in Éirinn agus thar lear páirteach ann, mar aon le daoine nach mbaineann le hinstitiúid nó le heagraíocht ar leith.
An Chomhdháil
Tá Staidéar Scáileáin Éireann mar lárionad eolais do Chomhdháil bhliantúil Staidéar Scáileáin Éireann. Nuashonraítear ár mbunachar go rialta, agus cuirimid cartlann ar fáil ina bhfuil cur síos ar na páipéir ar fad a tugadh ag an gComhdháil ó bunaíodh é i 2003, chomh maith le nascanna le gearrbheathaisnéisí na dtaighdeoirí agus lena gcuid foilseachán.
Cad is Staidéar Scáileáin ann?
Tá dearcadh leathan againn ar an ngort a dtugtar Staidéar Scannán air go traidisiúnta, dearcadh a chuimsíonn an cultúr scáileáin sa chiall is leithne den téarma sin agus a chlúdaíonn an scannánaíocht (an chatagóir is mó taighde), gearrscannáin, an teilifís, na meáin dhigiteacha, gréasáin, na trasmheáin, an teicneachultúr, an chluichíocht agus an fhísealaín mar aon le haon déantán cultúrtha eile a fheictear ar an scáileán. Is ag síorathrú atá teorainneacha na scannánaíochta ó thús a staire gairide agus is í an aidhm atá againn agus meáin eile á nglacadh san áireamh againn mar chuid den taighde scáileáin ná na hathruithe atá ag dul i bhfeidhm ar an ngort mar thoradh ar an tréimhse digitithe seo a mheas.
The contents of this website have been collated and presented by Aidan Delaney, Matt O’Neill and Cormac Deane.